
Ar feadh ceithre seachtaine (20 & 27 Samhain, 4 & 11 Nollaig), reáchtálfaidh
Fóram Feasa sraith speisialta seisiún tacaíochta d’fhoireann múinteoirí Eolaíochta sa tSraith Shinsearach agus iad ag plé leis na sonraíochtaí nua. Cruthóidh na seisiúin seo spás sábháilte agus oscailte ina mbeidh múinteoirí in ann a gcuid taithí a roinnt, ceisteanna a chur, agus tacú lena chéile ar an aistear gairmiúil foghlama seo. Beidh na seisiúin á n-éascú ag ETBI agus COGG, agus cloíonn siad go hiomlán le mana Fhóram Feasa: “Múinteoirí ag tacú le Múinteoirí Eile.”
Torthaí foghlama
Éireoidh le rannpháirtithe
Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
Acmhainní agus nodanna a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile
Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar
Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach
Beidh plé mionsonraithe ar an tSonraíocht nua don Fhisic sa tSraith Shinsearach mar chuid lárnach den seisiún seo. Cuirfear spás ar fáil do mhúinteoirí chun a gcuid taithí a roinnt, dúshláin a phlé agus straitéisí praiticiúla a mhalartú. Tá an seisiún á éascú ag ETBI agus COGG trí Ionad Tacaíochta Oideachais Luimnigh, comhlíonann sé seo mana Fhóram Feasa: “Múinteoirí ag tacú le Múinteoirí Eile.”
Cainteoir: Rónán Ó Floinn, Coláiste Cois Life
| Course Start Date / Time | 20-11-2025 7:00 pm |
| Course End Date / Time | 20-11-2025 8:00 pm |
| Capacity | 300 |
| Fee | Free |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online Course |