Skip to main content

Fóram Feasa - Fáilte roimh chách

 
Fóram Feasa - Fáilte roimh chách

Fóram Feasa - Fáilte roimh chách

Seo sraith ceardlann le tacú le múinteoirí agus ceannairí scoile a bhaineann le teagasc agus
foghlaim i suíomh an tumoideachais.  Ag gach seisiún, beidh cur i láthair ar ábhar éigin
agus ansin beidh deis plé a dhéanamh ar an topaic de réir ábhair. Beidh fáilte roimh chách! 

ANOCHT - Fóram Feasa Oscailte – Deis ag múinteoirí teacht le chéile agus bualadh lena
chéile. Tábhachtach dóibh siúd, ach go háirithe, nach bhfuil na hábhair luaite ar an sceideal
go sonrach. Tá fáilte roimh mhúinteoirí ó na hábhair go léir!

Torthaí foghlama (Learning outcomes)
Éireoidh le rannpháirtithe  
 Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta  
 Acmhainní agus noda a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtithe eile  
 Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar  
 Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt  
 A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach  

Áisitheoirí: (Facilitators)
Gean Gilger & Toirdealbhach Ó Lionaird

Course Details

Course Start Date / Time 15-01-2026 7:00 pm
Course End Date / Time 15-01-2026 8:00 pm
Capacity Unlimited
Fee Free
Select Hours 1
Location Online Course
Create Account then Login to book