Please login to your account
Book Courses, Print your CPD Certificates and Manage your profile.

Ar feadh ceithre seachtaine (20 & 27 Samhain, 4 & 11 Nollaig), reáchtálfaidh Fóram Feasa sraith speisialta seisiún tacaíochta d’fhoireann múinteoirí Eolaíochta sa tSraith Shinsearach agus iad ag plé leis na sonraíochtaí nua. Cruthóidh na seisiúin seo spás sábháilte agus oscailte ina mbeidh múinteoirí in ann a gcuid taithí a roinnt, ceisteanna a chur, agus tacú lena chéile ar an aistear gairmiúil foghlama seo. Beidh na seisiúin á n-éascú ag ETBI agus COGG, agus cloíonn siad go hiomlán le mana Fhóram Feasa: “Múinteoirí ag tacú le Múinteoirí Eile.”
Torthaí foghlama
Éireoidh le rannpháirtithe
Foghlaim ó mhúinteoir ábhair reatha i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
Acmhainní agus nodanna a bhailiú ón aoichainteoir agus ó na rannpháirtitheeile
Plé a dhéanamh faoi na topaicí is mó tóir orthu san ábhar
Riachtanais a nochtadh agus lámh chúnta a lorg agus a thabhairt
A bheith rannpháirteach i bpobal cleachtais ar líne go leanúnach
Tugann an seisiún seo deis eagraithe do mhúinteoirí Ceimice machnamh a dhéanamh ar an tSonraíocht nua, agus plé a dhéanamh ar chur chuige pleanála, eispéiris foghlama agus measúnaithe. Beidh deis ann na cleachtais rathúla a roinnt lena chéile agus léargas a fháil ar chur chuige comhghleacaithe ar fud na tíre.
| Course Start Date / Time | 04-12-2025 7:00 pm |
| Course End Date / Time | 04-12-2025 8:00 pm |
| Capacity | 300 |
| Fee | Free |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online Course |