Skip to main content

Please login to your account

Book Courses, Print your CPD Certificates and Manage your profile.

Ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge 2026

 
Ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge 2026

Ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge 2026

ag ullmhu do sheachtain na gaeilge 1

Blurb:
Tá an cheardlann seo dírithe ar mhúinteoirí atá ag iarraidh Seachtain na Gaeilge bríomhar, spreagúil agus éifeachtach an eagrú ina scoileanna.

Pléifear:
  • Gaeilge neamhfhoirmiúil agus conas í a chur chun cinn mar theanga bheo laethúil sa scoil
  • An Ghaeilge mar theanga shóisialta, ag cur béime ar úsáid nádúrtha an teanga
  • Comórtais chruthaitheacha agus rannpháirtíocht na ndaltaí
  • Na meáin shóisialta mar uirlis chumhachtach chun feasacht agus spraoi a chruthú


Is deis í seo do mhúinteoirí pleanáil a dhéanamh roimh ré, smaointe praiticiúla a bhailiú agus tacaíocht a fháil chun Seachtain na Gaeilge Iontach a eagrú do dhaltaí agus don phobal scoile.

Faoi dheireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe in ann:
  • Gaeilge neamhfhoirmiúil a chur chun cinn sa scoil, ag spreagadh rannpháirtíocht agus úsáid laethúil na teanga.
  • Smaointe cruthaitheacha agus praiticiúla a phleanáil do chomórtais, ceardlanna agus
  • gníomhaíochtaí éagsúla le linn Sheachtain na Gaeilge.
  • Na meáin shóisialta agus uirlisí digiteacha a úsáid chun feasacht, spraoi agus rannpháirtíocht na ndaltaí a mhéadú.
Cainteoir:
Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.

Course Details

Course Start Date / Time 03-02-2026 5:00 pm
Course End Date / Time 03-02-2026 6:00 pm
Capacity 100
Fee Free
Select Hours 1
Location Online Course
Create Account then Login to book

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars