Please login to your account
Book Courses, Print your CPD Certificates and Manage your profile.

Blurb:
Tabharfar léargas cuimsitheach sa cheardlann seo ar Phrós na hArdteistiméireachta 2026. Roinnfear straitéisí praiticiúla agus tascanna teagaisc chun daltaí a spreagadh, chomh maith le samplaí ceisteanna scrúdaithe a chabhróidh le scileanna anailíse agus scríbhneoireachta daltaí a fhorbairt sa seomra ranga.
Learning outcomes:
Cainteoir:
Siobhán Ní Mhurchú
Is múinteoir iar-bhunscoile Gaeilge í Siobhán Ní Mhurchú a bhfuil blianta fada taithí aici sa seomra ranga. Tá sí thar a bheith oilte ar ranganna scrúdaithe a ullmhú don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ag tacú le scoláirí na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach. D’oibrigh sí freisin le Gael Linn ar an scéim ‘Gaelbhratach’ ar feadh dhá bhliain, áit ar chuir sí go mór le tacaíocht agus le forbairt ghairmiúil múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, tá taithí aici ag obair le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir béil don Ardteistiméireacht agus ag measúnú scrúduithe stáit scríofa.
| Course Start Date / Time | 04-02-2026 5:00 pm |
| Course End Date / Time | 04-02-2026 6:00 pm |
| Capacity | 300 |
| Fee | Free |
| Select Hours | 1 |
| Location | Online Course |